Friday, 15 August 2014

GAEILGE I GCAIFÉ THE STORMY TEACUP

Oíche aréir chaith mé dhá uair ag labhairt agus ag imirt cártaí le Gaeilgeoirí eile i gCaifé The Stormy Teacup. Tá an caifé tíriúil, suntasach seo suite i mBogha an Bhoscaigh, Cathair Luimní. Is suíomh foirfe é seo don chaifé. I mo thuairim, ní fhéadfadh sé a bheith níos oiriúnaí. Is í bean an chaifé ná Ruth- bean chairdiúil ghealgháireach, agus caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé a leithéid de chaifé riamh. Tá sé le feiceáil go bhfuil baint ag úinéirí an chaifé ghleoite leis an gcéardaíocht roimh chos a leagadh taobh istigh den áit fiú. Tá troscán uaschúrsáilte taobh amuigh den chaifé, le siopa beag céardaíochta ar chothrom na talún agus an caifé féin thuas an staighre.
 
 
Chuaigh mé ar ais chuig The Stormy Teacup don dara uair oíche aréir mar gheall gur aimsigh mé an pictiúr seo ar leathannach Facebook an chaifé. Bhíos idir dhá chomhairle faoi dhul ar dtús ach ansin bheartaigh mé aréir gur chuma cé a bheadh ann- dá mbeidís ina ndéagóirí, ina ndaoine fásta nó ina seandaoine, mar go mbeadh cosúlacht amháin ar a laghad eadrainn go léir. Bheimis go léir ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt.
 
 
Mar sin, bhí sceitimíní orm agus mé ag dul isteach ann. Agus nach raibh an ceart agam dul! Ní raibh ach seisear againn ann ach ba leor é sin le cómhrá anamúil suimiúil a bheith eadrainn. Is í Fionnuala (@gaelgish ar Twitter) a eagraíonn na hoíchí seo agus mar sin, bhuail mé léí chomh maith le beirt bhan eile agus beirt fhear. Tá sé ráite agam cheana go raibh an comhrá iontach ach ó mo Dhia, bhí an tseacláid te deich n-uaire níos fearr! Sa chaifé seo, tugtar rogha duit idir seacláid dhorcha, gnáthsheacláid agus seacláid bhán. Níos fearr arís ná gur féidir meascán a fháil. Cheannaigh mé seacláid te a rinneadh le seacláid bhán agus gnáthsheacláid- agus nuair a deirim seacláid, táim ag labhairt faoi sheacláid, ní an púdar sin a úsáidtear i mball eile. Gnáthphraghas réasúnta a bhí ar an tseacláid te ag €3.20 agus tháinig briosca baile blasta in éineacht leis.

Ba é gníomhaíocht na hoíche ná '25'- cluiche cártaí náisiúnta na hÉireann. Athdheirim- cluiche cártaí náisiúnta na hÉireann. Tá brón orm más ag cónaí faoi charraig atáim ach níorbh eol dom go raibh cluiche cártaí náisiúnta againn! Mar sin, roimh thús an chluiche, bhí píosa nua eolais foghlamtha agam faoi chultúr ár dtíre. Le linn an chluiche, d'fhoghlaimíomar téarmaí nua agus leanamar ag caint is ag cómhrá.
 
 
Beidh an grúpa ag buaileadh don tríú uair ar an 11ú Lúnasa san áit chéanna ag an am céanna (The Stormy Teacup @7) nó ar an dara Déardaoin de gach mí, agus bheadh sé iontach an scéal a scaipeadh agus níos mó daoine a chur ar an airdeall faoi. Má tá cara nó dhó liom saor, beidh mé á dtabhairt in éineacht liom an chéad uair eile gan dabht! B'í mise an duine is óige a bhí ann ach ní dóigh liom go ndearna sé mórán difríochta agus níor chuir sé isteach orm ar chor ar bith- óg nó sean, Gaeilge bhunúsach nó líofa, bhí fáilte roimh chách, ba chosúil.
 
 
Seo cúpla téarma a bhí ag teastáil uainn le linn an chluiche:
 
an spéireata- the spade
an triuf- the club
an muileata- the diamond
an hart- the heart
an mámh- the trump card
an drámh- the non-trump card
an t-aon- the ace
an cuireata- the jack
an bhanríon- the queen
an rí- the king
an bhean/ fear ranna- the card dealer
na cártaí a bhoscáil- to shuffle the cards
tá ádh na gcártaí air/ uirthi- he/she is lucky at cards
 
 Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar The Stormy Teacup, tá an méid sin gnéithe dearfacha ag baint leis! Is cinnte go mbeidh mé ag filleadh ar ais ann go minic. Más féidir leat, téigh agus glac páirt sa ghrúpa Gaeilge a bhuaileann an dara Déardaoin de gach mí. Ní minic a chloistear faoi imeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl i Luimneach- ba chóir dúinn páirt a ghlacadh agus ár suim a thaispeáint le go leanfaidh siad ar aghaidh! 
 
Tá níos mó eolais faoin gcaifé le fáil ar:
 
Go dtí an chéad uair eile,
Sionainn x
 
I.S. Brón orm nár foilsíodh post ar feadh coicíse- bhíos ar laethanta saoire!
 

Friday, 1 August 2014

BANRÍON NA MARA

I rith na seachtaine thug mé cuairt ar chontae álainn Chiarraí agus chuaigh mé ag iascaireacht don chéad uair. Tá suim mhór ag m'uncail san iascaireacht cé gurbh iascaire é a athair- mo sheanathair, fadó fadó. Sin an fáth gur mise Sionainn- Sionainn i ndiaidh na habhann! Chuamar go calafort iascaireachta na Fianaite lenár slata iascaireachta i gcúl an charr againn. Bhí ríméad orm bheith ábalta breathnú ar réimse leathan na mbád a bhí ann. Is é 'Mo Chailíní' an t-ainm atá ar bhád m'uncail- tá triúr iníonacha aige agus is dóigh go bhfuil a bhean chéile san áireamh freisin! Merry Nautic 6m i bhfad atá aige- ní raibh clú dá laghad agam faoin mbádóireacht agus é ag caitheamh na dtéarmaí nua seo liom. I measc na n-ainmneacha Gaeilge eile a chonaic mé ann, bhí 'Siún', 'Sin é', 'Tobairín' agus 'Siamsa'. Ní raibh an t-am agam siúl timpeall agus breathnú ar na báid uile ach sin iad na cinn a chonaic mé fad is a bhí na buachaillí ag déanamh na hoibre deacra! N'fheadar an raibh an lá in araíocht don iascaireacht- bhí an fharraige garbh agus clabach go leor ach níor chuir sé isteach orm ó thaobh tinnis farraige de, buíochas le Dia!
 

Amach leis na seaicéid tharrthála ar dtús le sábháilteacht mhaith a chinntiú agus gan dabht éadaí tiubha cé go raibh sruth agus gaoth linn. Táim ag magadh nuair a thagraím dom féin mar Bhanríon na Mara ach d'éirigh liom ceithre ronnach déag a ghabháil agus caithfidh mé a rá go rabhas amhail páiste óg, bhíos chomh háthasach sin! B'ait an rud é greim a choinneáil ar éisc agus ar dtús, bhraith mé mímhuiníneach faoi. Ar a shon sin, bhíos ag screadaíl "wúhú" gach uair agus mé ag glinneáil an dorú, go ndearna mé dearmad go rabhas fiú ag leagadh láimhe orthu tar éis tamaillín bhig. Bhí cleití agus corra gainimh againn mar bhaoite agus d'ardaigh an taoide an bád ach ní rabhamar níos mó ná caoga troigh ar doimhne.
 

Ghlan m'uncail na héisc amach fad is a bhíomar fós ar bord an bháid agus tháinig na faoileáin leis na heireabaill agus na cinn a ithe. Ní raibh mé cróga go leor iasc a ghlanach amach, caithfidh mé a admháil. Ar theacht abhaile dhom, d'inis mé do m'uncail agus mo theaghlach go dteastaíonn mó bhád féin uaim anois tar éis na heachtra taitneamhaí. Ceapaim go mbeidh orm leanúint ag déanamh brionglóide! Bhain mé sár taitneamh as dul ag iascaireacht agus táim ag dúil go mór leis an gcéad uair eile. B'iontach an rud é bheith amuigh faoi aer úr na farraige ar feadh an lae. Is cuma cé chomh hóg nó sean is atáimid, measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbainimid triail as rudaí nua chomh minic agus is féidir linn.
 
 
Fad is a bhíos ag scríobh na hiontrála seo, bhí orm dul sa tóir ar fhocail nua a bhaineann leis an iascaireacht. Seo cúpla focal agus frása nua a d'fhoghlaim mé faoin iascaireacht- b'fhéidir go mbeidh said úsáideach duitse freisin!
 
an calafort iascaireachta- the fishing port
an tslat iascaireachta- the fishing rod
an fharraige chlabach- the choppy sea
an seaicéad tarrthála- the life-jacket
bhí sruth agus gaoth linn- we sailed with tide and wind
an ronnach/ an maicréal/ an murlas- the mackerel
dorú a ghlinneáil- to wind in a fishing-line
an chorr ghainimh- the sand-eel
an baoite- the bait
an faoileán- the seagull
 
Adh éisc ort má bheartaíonn tú dul ag iascaireacht roimh dheireadh an tsamhraidh!
 
Go dtí an chéad uair eile,
Sionainn x
 

Saturday, 26 July 2014

SEISIÚN

Tá dalta Spáinneach ag fanacht liom ar feadh coicíse faoi láthair, agus ag iarraidh go bhfoghlaimeodh sé rud nó dhó faoi chultúr na hÉireann, bheartaíomar dul chuig 'Seisiún' oíche Dé Déardaoin. Shroicheamar an Hunt Museum i gCathair Luimní ag leath uair tar éis a seacht lenár amigo nua. Agus muid ag ceannach na dticéad, labhair mé le bean chairdiúil tar éis í a chloisteáil ag labhairt Gaeilge lena mac nach bhféadfadh a bheith níos sine ná trí bliana d'aois. B'iontach an rud é Gaeilge a chloisteáil á labhairt agus mé díreach isteach an doras.


 
Lastigh de dhá uair a chloig, cuireadh taispeántas den scoth os ár gcomhair. Bhí cúigear ann ag damhsa, cailíní óga uile, ochtar ag seinm ceoil agus beirt ag canadh. I measc na bport a seinneadh, bhí poirt sheana agus poirt nua-cumtha, le réimse leathan éagsúlachta ann. Is cuimhin liom na teidil 'Peggy's Nettles', 'Eleanor Plunkett' agus 'John Doherty Mazurka'. Bhí bean ann a chan 'Dear Old Skibbereen' agus 'The Lovely Rose of Clare'. Chan fear darbh ainm Tomás Ó Maoldomhnaigh, amhrán álainn as Gaeilge. Fiú gur aithin mé an t-amhrán, tá dearmad déanta agam ar a ainm. Níos déanaí san oíche, fuair mé amach go bhfuil an fear céanna mar bhall de bhord bainisteoireachta na gaelscoile atá díreach in aice le mo scoilse féin. 'Nach beag an domhan é' mar a deir mo mham go ró-mhinic.

I rith an tsosa, osclaíodh caifé an mhúsaeim agus ag deireadh na dara leithe, tugadh seans don lucht féachana páirt a ghlacadh agus a dtallanna féin a roinnt. Is mór an trua é ach ní dhéanaim rince Gaelach i bhfad, ní chanaim i m'aonar ach amháin agus mé ag tógáil ceatha, ní sheinm ceoil- rud a chuireann díomá orm agus scéalaíocht- bhuel n'fheadar liom ach ní dóigh liom go bhfuil aon scileanna scéalaíochta forbartha agam go fóill! D'inis fear amháin scéal greannmhar siamsúil i bhfoirm ríme, sheinn an fear céanna an t-armónach agus rinne beirt chailíní óga rince Gaelach. Faoi dheireadh, rinneadh Ballaí Luimní agus ansin, roghnaigh na damhsóirí grúpa daoine ón lucht féachana chun páirt a ghlacadh sa damhsa céanna, mé féin san áireamh.
 
 Caithfidh mé a rá gur bhain mé sár-taitneamh as an oíche. Maidir le m'amigo, is é an focal a d'úsáid sé chun cur síos a dhéanamh ar an seisiún ná 'ait'. Is dóigh nach mbíonn an tsuim chéanna ag buachaillí sportúla tipiciúla i rince agus rudaí mar sin de ach bhí áthas air foghlaim faoi thraidisiúin Éireannacha.

Má tá tú díomhaoin ag suí sa bhaile an Déardaoin seo chugainn nó an chéad Déardaoin eile, téigh agus bain taitneamh as 'Seisiún' san ionad céanna ag an am céanna. Muna gcónaíonn tú i Luimneach, tá liosta dos na hionaid dhifriúla timpeall na tíre le fail anseo.


Go dtí an chéad uair eile,
Sionainn x 



 

Wednesday, 23 July 2014

BHUEL...

Níor cheap mé go mbeinn ag scríobh iontrála blag i rith an tsamhraidh seo ach táim anseo... ag clóscríobh... agus braitheann sé iontach. Mar sin, bail ó Dhia ort agus fáilte má tá tú ag léamh na hiontrála nuaí seo!
 
Is mise Sion, Sionainn nó Shannon- glaotar Sion orm ó am go ham mar leasainm, Sionainn atá ann ó cheart agus Shannon atá ar mo theastas breithe. Táim ag cur fúm i gCathair Luimní agus beidh mé ag dul i ngleic go luath le *duhn duhn duhn* ...bliain na hArdteiste. Tá taithí blagadóireachta agam cheana féin cé gur mise úinéir bródúil an bhlag Paisean le hAghaidh Faisin ach mé seacht mbliana déag d'aois anois, agus é beagnach ceithre bliana ó gur chuir mé tús leis an mblag sin, n'fheadar liom an oireann sé dom i bhfad- ní hé faisean mo "dhomhan" nó mo "chruinne" an lae inniu agus fiú go bhfuil suim mhór agam ann fós , shíl mé gur theastaigh rud éigin eile uaim, rud éigin nua. Níl uaim ón mblag seo ach taitneamh a bhaint as agus má bhaineann daoine eile taitneamh as freisin, bhuel nach mór an bónas é sin!

Is eol dom go bhfuil ainm simplí agus ní ainm 'te agus spíosraithe' roghnaithe agam do mo bhlag ach tá cúpla fáth leis sin. Ar an gcéad dul síos, ní mise an duine is cruthaithí ó thaobh na scríbhneoireachta de ach chomh maith leis sin, is gnáthshaol simplí gan mórán doimhne atá agam faoi láthair agus rudaí simplí a bhaineann liom, a bhfuil baint agam leo nó a shásaím a bheidh á roinnt agam anseo. Mar sin, cheap mé go mbeadh 'Saol Shion' oiriúnach. Is liomsa na grianghraif thuas agus thíos, agus tá súil agam bheith in ann grianghraf nó dhó a chur le gach post.

Cuireann sé áthas orm bheith in ann mo chuid Gaeilge a úsáid ar líne nuair is mian liom mar ní minic a labhraítear Gaeilge i mo theach-sa- níl ach cúpla focal ag baill eile mo theaghlaigh ach táid ag feabhsú. Nuair a bhíos níos óige, níor Ghaeilgeoir mé- níor fhoghlaim mé an Ghaeilge ach mar 'ábhar scoile' sa bhunscoil, ach anois tá grá go deo agam don Ghaeilge agus bím i gcónaí an-sásta aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile. Ná bíodh aon eagla ort roimh thrácht a fhágáil dom nó teagmháil a dhéanamh liom. Beidh mé i m'fhoghlaimeoir go deo agus má éiríonn liom fiú focal amháin nua a fhoghlaim nó deacracht amháin a shárú gach lá, beidh mé an-sásta.


Seo í mo chathair álainn chónaithe

Go dtí an chéad uair eile,
Sionainn x